Tá sé tugtha le fios ag Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go bhfuil 34 duine gafa go dtí seo faoi na círéibeacha a bhí i lár Bhaile Átha Cliath aréir.

Dhearbhaigh an Coimisinéir Harris gur dódh aon scuadcharr déag de chuid na nGardaí, dhá bhus iompair phoiblí agus tram Luas sa choinscleo.

Leonadh roinnt Gardaí freisin, duine acu go dona, a dúirt sé.

Caitheadh tinte ealaíne, buidéil agus ábhar eile le Gardaí thart ar an gcrosbhóthar idir Sráid Uí Chonaill agus Cearnóg Parnell Thoir in aice leis an áit ar ionsaigh fear dreabhlán páistí agus bean le scian ag am lóin inné.

Bhí daoine corraithe faoin ionsaí agus táthar den bharúil gur ghríosaigh antoiscigh ón eite dheis iad le séirse a thabhairt faoi na Gardaí.

A bhfuil fanta d'fheithicil a dódh sna scliúchais aréir

Deir na Gardaí freisin gur thapaigh daoine eile an deis le dul i bhfiáin, agus loitiméireacht agus robáil a dhéanamh.

Dar leis an Ard-Cheannfort Patrick McMenamin gur "bithiúntas ar son an bhithiúntais" a bhí ann.

Agus an mí-ord á cháineadh aige, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go meastar gur thart ar 500 duine a bhí páirteach sna scliúchais.

Tá go leor Gardaí ar dualgas i lár na cathrach inniu, comhaltaí den Aonad Oird Phoiblí ina measc.

Tá scrúdúithe dlí-eolaíochta á ndéanamh ag na Gardaí ar ionaid éagsúla sa chathair agus tá cosc go fóill ar thrácht bóthair ar Shráid Uí Chonaill agus i gceantar Chearnóg Parnell.

Cuireadh bus trí thine ar Shráid Uí Chonaill aréir

Tá na círéibeacha cáinte ag Ard-Rúnaí Chumann Sháirsintí agus Chigirí an Gharda Síochána, Antoinette Cunningham.

Dúirt sí go raibh Gardaí suaite ag an bhforéigean a bhí sa phríomhchathair aréir agus mhaígh sí nach raibh dóthain acmhainní acu le dul i ngleic lena leithéid.

Níl sé sách maith ag an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee coinneáil uirthi ag maíomh go bhfuil dóthain Gardaí i mBaile Átha Cliath, arsa Antoinette Cunningham, nuair atá a fhios ag gach uile Gharda nach bhfuil sé sin fíor.

Caitear Gardaí a thabhairt isteach ó rannáin eile go rialta le cuidiú lena gcomhghleacaithe sa phríomhchathair, a dúirt sí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ