Eipeasóid a Trí: Tóg do chluiche siamsaíochta reitreo chuig an gcéad leibhéal eile.

Anois agus do chluiche cruthaithe agat ta sé in am do chuid scileanna agus taithí le ríomhchlárú a úsáid chun do chluiche a fhorbairt.

Bí linn in eipeasóid a trí agus taispeánfaimid duit conas leibhéil agus constaic breise a chur isteach sa chluiche trí úsáid a bhaint as ráitis choinníollacha. Chomh maith leis sin, féachfaimid ar conas tabhairt faoi fhabhtanna (fadhbanna sa chód) a dheisiú trínár scileanna fadhbréitigh a úsáid.

Má tá tú réidh chun do chluiche a thabhairt chuig an gcéad leibhéal eile bí linn le haghaidh eipeasóid a trí de Dream Space TV as Gaeilge.

Féach thíos ar na naisc chuig an gCuraclam Bunscoile don eipeasóid:

Teanga Bunscoile

  • Léitheoireacht, Scríbhneoireacht

Eolaíocht

  • Snáithe - Ábhair
  • Snáithaonad – Ábhair agus athrú

Matamaitic

  • Snáithe - Uimhreas
  • Snáithaonad – Ionadluach

Tíreolaíocht

  • Snáithe – Imshaoil Nádúrtha
  • Snáithaonad – Plainéad an Domhain sa Spás

Féach thíos ar na naisc chuig Curaclam na Sraithe Sóisearaí don eipeasóid:

  • Athbhreithniú ar choincheapanna ríomheolaíochta
  • Cur chuige na smaointeoireachta deartha (cur chuige ábhartha le haghaidh a lán forbróirí bogearraí)

Eolaíocht:

  • Modh Eolaíochta (bainteach le Smaointeoireacht Deartha)
  • Innealtóireacht agus Dearadh
  • Modheolaíocht na Smaointeoireacht Deartha (Ionbhá, Smaoineamh, Fréamhshamhail, Tástáil)