Eipeasóid a Dó: Cruthaigh do chluiche siamsaíochta reitreo féin ag baint úsáid as MakeCode Arcade ó Microsoft

Is éard is 'códáil' ann ár slí chun treoracha faoi leith a thabhairt do chlár ríomhaire.

An bhfuil fhios agat gur féidir linn códáil ina lán teangacha éagsúla? Is é an rud is tábhachtaí chun smaoineamh air ná go caithfidh ár gcód a bheith ríshoiléir i dtreo is go dtuigfidh an clár cad atá le déanamh aige.

Sa chlár seo, déanfaidh ár dtreoracha ríomhchlárú ar an tsionsamhlóir i MakeCode Arcade. Tá sé ar fheabhas ar fad!

Dúshlán: An bhfuil a fhios agat cad iad soilse LED? Cad iad na huirlisí i do theach a úsáideann soilse LED?

Tá soilse LED mórthimpeall orainn. Seo na soilse a deir linn cén t-am atá sé ar an gclog aláraim nó ar an oigheann. Seo na soilse a deir linn nuair a bhíonn an teilifís ar ‘fuireachas’. Nach bhfuil sé go hiontach gur féidir linn ríomhchlárú a dhéanamh ar 25 díobh ag aon am amháin?

Mar sin, má tá tú sa bhaile nó ar scoil, bí linn le haghaidh eipeasóid a dó de Dream Space TV as Gaeilge.

Beidh ceangal idirlín agus uirlise (guthán, taibléad nó ríomhaire ghlúine) de dhíth ort do na dúshláin códála seo. Logáil isteach chuig Arcade.makecode.com ar do rogha brabhsálaí.

Féach thíos ar na naisc chuig an gCuraclam Bunscoile don eipeasóid:

Teanga Bunscoile

  • Léitheoireacht, Scríbhneoireacht

Eolaíocht

  • Snáithe - Ábhair
  • Snáithaonad – Ábhair agus athrú

Matamaitic

  • Snáithe - Uimhreas
  • Snáithaonad – Ionadluach

Tíreolaíocht

  • Snáithe – Imshaoil Nádúrtha
  • Snáithaonad – Plainéad an Domhain sa Spás
  • Féach thíos ar na naisc chuig Curaclam na Sraithe Sóisearaí don eipeasóid:

Ríomheolaíocht:

  • Athbhreithniú ar choincheapanna ríomheolaíochta
  • Cur chuige na smaointeoireachta deartha (cur chuige ábhartha le haghaidh a lán forbróirí bogearraí)

Eolaíocht:

  • Modh Eolaíochta (bainteach le Smaointeoireacht Deartha)
  • Innealtóireacht agus Dearadh
  • Modheolaíocht na Smaointeoireacht Deartha (Ionbhá, Smaoineamh, Fréamhshamhail, Tástáil)