Bhí na leaids ó Seo Linn ar After School Hub an tseachtain seo ag caint faoina saol leis an gceol. Seo a gcuidse tuairimí faoin tábhacht a bhaineann le ceol le foghlaim na Gaeilge.

Tá an ceol cosúil le teanga i go leor bealach ach teanga a thuigeann gach duine. Tá ceol in ann a bheith sona agus bríomhar, feargach agus spleodrach nó séimh agus scíthiúil.

 
Is breá linn an Ghaeilge. Labhraíonn muid í le chéile agus casann muid ceol as Gaeilge freisin. Tá a fhios againn cé chomh cabhrach 's atá an ceol le foghlaim teanga. Faigheann tú tuiscint níos fearr ar na focail agus ar na mothúchán nuair a mheascann tú an dá ‘theanga' le chéile.

Éistíonn tú le ceol gach uile lá de do shaol – ar an raidió, ar an teilifís nó fiú amháín nuair a chloiseann tú na héin ag canadh ar maidin! Is aoibhinn linn a bheith ag éisteacht le go leor saghas ceoil ach thar aon rud eile, is é casadh an cheoil an píosa is fearr inár dtuairim. Craic iontach atá ann a bheith ag suí thart le do chuid cairde agus a bheith ag déanamh ceoil nua le chéile. Tagann go leor amhrán le chéile as bheith ag pleidhcíocht mar seo agus ó ham go chéile, déanann muid taifead orthu! Tá amhráin againn cosúil le Ar Scáth a Chéile agus Soilsiú an Lae a tháinig le chéile as bheith ag casadh ceoil le chéile.

 
Tá an ceol an-tábhachtach do mhuintir na hÉIreann freisin. Is tír an-cheolmhar muid agus tá go leor leor amhrán álainn inár dtraidisiún. Is breá linn a bheith ag casadh amhrán ar nós Mo Ghile Mear, Óró 'Sé do Bheatha Abhaile agus Casadh an tSúgáin. Tá sé cosúil le bheith ag caint leis na daoine a scríobh na hamhráin sin! Ar bhealach amháin, meaisín ama atá iontu!

Cuireann an Ghaeilge agus an ceol gliondar ar ár saol mar dhaoine. Is é ár gcomhairle daoibh na triail a bhaint astu chomh maith – b’fhéidir go gcuirfeadh said le bhur saolta chomh maith.

GRMA Seo Linn