Eipeasóid a hAon: Dear agus déan do chluiche boird féin.

Má tá cluiche boird imeartha agat riamh, smaoinigh ar conas a d'oibrigh sé. Cé mhéad imreoir a bhí ann? Cé na rialacha a bhí ann? Cad a chuir spraoi leis? An raibh an bua agat?

San eipeasóid seo de Microsoft Dream Space TV teastaíonn uainn go gcruthófá do chluiche boird féin. Roimh do chluiche a dhearadh agus é a thógáil, beidh ort plean soiléir a dhéanamh faoi cén cuma a bheidh air agus conas a oibreoidh sé. Teastaíonn uainn go gcruthóidh tú cluiche boird le cuma iontach air, atá spraíúil do na himreoirí ar fad ach ina bhfuil go leor dúshlán chun suim daoine a choimeád.

Chomh maith leis seo, i dtreo is go n-oibreoidh an cluiche i gceart agus ionas go mbeidh sé ríshoiléir do na himreoirí ar fad, beidh ráitis choinníollacha ag teastáil. Deir ráitis choinníollacha linn, go soiléir, cad atá le déanamh nuair atá coinníollacha áirithe i bhfeidhm.

Mar shampla, seans go mbeadh riail ann go gcaillfidh tú seal má thiteann tú ar spás áirithe i do chluiche. Má smaoiníonn tú faoi tá a lan de na coinníollacha seo i bhformhór na cluichí boird cheana féin.

TAIGHDE: Roghnaigh cluiche boird agus smaoinigh ar "choinníoll" amháin sa chluiche. Úsáid na focail 'má' agus 'ansin’ chun cabhrú leat.

Mar sin, má ta tú sa bhaile nó ar scoil, bí le Niamh agus Frank in Eipeasóid a hAon de Dream Space TV chun foghlaim faoi ráitis choinníollacha agus cé chomh tabhachtach is a bheidh siad le haghaidh ár gcéad dúshláin – Dúshlán na Cluiche Boird.

Nótaí Mhúinteora / Tuismitheora

Beidh meascán d’ábhair athchursála ealaíon agus céardaíochta (agus sciosúr agus greamachán más féidir) riachtanach chun tabhairt faoi na dúshláin seo. Chun cinntiú go bhfuil solúbacht sna dúshláin níl cur síos cruinn ar na hábhair. Tá siad deartha chun daltaí a spreagadh chun a bheith ag smaoineamh go cruthaitheach agus chun teacht ar réiteach leis na hacmhainní atá acu.

Féach thíos ar na naisc chuig an gCuraclam Bunscoile don eipeasóid:

Tíreolaíocht

  • Snáithe – Imshaoil Nádúrtha
  • Snáithaonad – Plainéad an Domhain sa Spás

Eolaíocht

  • Snáithe – Ábhair
  • Snáithaonad – Airíonna agus tréithe ábhar

Stair

  • Snáithe – Staidéir áitiúla
  • Snáithaonad – Cluichí agus caitheamh aimsire san am atá thart

Matamaitic

  • Snáithe – Cruth agus spás
  • Snáithaonaid – Cruthanna tríthoiseacha, Cruthanna déthoiseacha, Línte agus uillinneacha
  • Snáithe – Sonraí
  • Snáithaonad - Seans

Na hAmharcealaíona

  • Snáithe – Líníocht
  • Snáithaonad – Líníochtaí a dhéanamh
  • Snáithe – Tógáil
  • Snáithaonaid – Tógálacha a dhéanamh, Breathnú agus Freagairt

Teanga Bhunscoile

  • Léitheoireacht, Scríbhneoireacht

Corpoideachas

  • Snáithe – Cluichí
  • Snáithaonad – Cluichí a chiallú agus a léirthuiscint

Féach thíos ar na naisc chuig Curaclam na Sraithe Sóisearaí don eipeasóid:

Ríomheolaíocht:

  • Athbhreithniú ar choincheapanna ríomheolaíochta
  • Cur chuige na smaointeoreachta deartha (cur chuige ábhartha le haghaidh a lán forbróirí bog-earraí)

Eolaíocht:

  • Modh Eolaíochta (bainteach le Smaointeoireacht Deartha)
  • Innealtóireacht agus Dearadh
  • Modheolaíocht na Smaointeoireacht Deartha (Ionbhá, Smaoineamh, Fréamhshamhail, Tástáil)