An raibh a fhios agat go bhfuil go leor clár Gaeilge ag RTÉjr? Bhuel, tá a fhios agat anois!

Scríobhann Katie Whelan faoi na háiseanna agus na hacmhainní Gaeilge atá le fáil ar RTÉ.ie agus ar RTÉ Player.

Agus ní hamháin go bhfuil na cláir seo spraíúil agus spéisiúil, ach cuideoidh sé leat cúpla focal nua a fhoghlaim agus a roinnt ansin le do chlann agus le do chairde.

Feicfimid anseo ar chúpla de na roghanna atá ar RTÉjr.

Fia's Fairies

Téigh le Fia, agus lena cara is fearr, Ameer, ar thuras go Fairy Island. Chomh maith leis an eachtraíocht agus an spraoi ar fad, foghlaimeoidh tú focail nua Ghaeilge – focail ar féidir a úsáid ansin sa bhaile, sa seomra ranga agus sa chlós súgartha!

Is féidir breathnú air anseo: RTÉ Player

Peppa Muc

Anuas ar gach bua eile, tá Gaeilge ag Peppa! Is féidir féachaint ar an gclár seo, go hiomlán trí Ghaeilge, agus aithne a chur ar Peppa, George, mamaí, daidí agus go leor carachtar eile.

Féach ar Peppa Muc anseo - RTÉ Player

Bóín agus Beach

An bhrí atá taobh thiar den fhocal bóin Dé ná 'God’s little cow’, agus nach álainn an smaoineamh é sin? Is dlúthchairde iad Bóín agus Beach, agus is iomaí cor sa scéal ina mbaile beag féin, Wild Meadow. Cuir aithne ar na feithidí agus ar na hainmhithe beaga atá ina gcónaí ann!

Féach ar Bóín agus Beach anseo - RTÉ Player

Tír na nÓg

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach athchursáil a dhéanamh? Conas is féidir luascán a thógáil? An féidir cóisir bhreithe a eagrú ag an nóiméad deireanach?

Buail le Niamh agus le hOisín sa ghairdín rúnda agus freagróidh siad na ceisteanna seo ar fad duit!

Tír Na nÓg - RTÉ Player

Na Beigíní, ceathrar beag bídeach sa chlann, ag maireachtáil le chéile ar an domhan mór.

Wee Littles as Gaeilge