Sa tsraith seo, labhrann muid le craoltóirí de chuid RTÉ faoina bpleananna don Nollaig agus an bhliain a bhí acu go dáta. Seo mar a bhí ag an iriseoir Seán Mac an tSíthigh atá lonnaithe i gCorca Dhuibhne.

An bhfuil buaicphointe oibre agat ón mbliain eisceachtúil seo? 

Bhí ardú croí agus oscailt súl ag baint leis na scéalta a léirigh deathoil agus seiftiúlacht an phobail agus sinn ag dul i ngleic leis an viaras, go mormhór i laethanta tosaigh na paindéime: Imreoirí óga Chumann Lúthchleas Gael ag tarrac dinnéir agus ag friotháilt orthu súd a bhí ag clutharú; cosc ar thórraimh agus ar shochraidí ach fós d'éirigh le daoine a gcomhbhrón a chur in úil le huaisleacht; seandaoine ag cur aithne ar an dteicneolaíocht don gcéad uair agus an misneach agus an neamhspleáchas a bhronn an mháistreacht san orthu; fiúntas ghrúpaí pobail le feiscint go soiléir agus gníomhartha carthanais ó dhaoine anaithnid. Thaitin sé liom go bhfilleamair ar choincheap na meithile, glacadh sos ó shodar rachmasach agus deineadh caint mhór ar an mbeagán. Tuigeadh dúinn luach an mhuintiris agus na comharsanachta a las coinneal dóchais i nduibheagán na géarchéime. San áit a bhíonn fulaingt bíonn foghlaim. 

Cad leis a bhfuil tú ag súil an Nollaig seo?

Tá rún agam mo dhícheall a dhéanamh gach uile deoir aoibhnis a shlogadh agus a shúrac as an Nollaig i mbliana agus buíochas a ghabháil as na rudaí beaga: Cogarnaíl agus gogalach sceitimíneach na leanaí maidin Lae Nollag. Socracht agus seasmhacht na coinnle aonair ar lic na fuinneoige. Rince na réilthíní seaca ag glioscarnaigh os cionn Chruach Mhárthain. Langa goirt i bpraiseach bhán mo mháthar. Boladh cumhra an chrainn fé shligiríní solais ildaite. Dordán socair na mba ag meilt na mine agus iad sa bhfoithin ó fhuacht na féile. Coiscéim coiligh na gréine agus í ag máineáil lei de dhroim na mBlascaod. An beannú agus an sracfhéachaint go mbraithtear rud breise ann. Lonradh simplí na soilse Nollag sa Daingean. Bladhm chnagarnach na tine am mhairbh na hoíche. Leidhb na sáile ar do chnis le linn siúloide barra faille. Fiosracht na spideoige agus í ag preabadh lei go ciúin trí ghéaga loma. Diamhracht na saoirse ar leaca na gcnoc. Ach thar aon ní eile táim ag súil le fuascailt i rith na bliana so romhainn, go dtiocfaidh an lá ná baol dúinn galar, go gcasfar na daoine ar a chéile athuair, go mbeidh fáscadh breise sa chroitheadh lámh agus faid bhreise leis an ngreim barróige. Beidh teacht abhaile ann. 

An bhfuil aon ní a bhraithfidh tú uait ó bhlianta eile nach bhfuil ceadaithe i mbliana?

Braithfimíd uainn na turasanna ar ghaolta agus ar chomharsain aosta. Cuid lárnach de dheasghnátha na Nollag iad na turasanna seo ina mbuanaítear muintearas, cairdeas agus dílseacht. Deis atá ann an ghlúin óg a chur in aithne don seanadhream, agus deis ann don seanadhream filleadh ar a n-óige féin.

Cén amhrán Nollag is fearr leat?

Oíche Chiúin á rá sa tsáipéal Oíche Nollag. Tá áilleacht, anam agus aoibhneas sa bhfonn. Tá idir uilíochas agus áitiúlachas ann. Nuair a líontar tigh Dé le binneas ciúin cineálta na bhfocal ar an oíche speisialta seo braithear an cine daonna i mbun chomhcheoil. Músclaíonn sé méarnáil machnaimh, a sheolann sinn siar trí Nollaigí na mblianta atá imithe, tugann chun cuimhne daoine atá sleamhnaithe uainn agus cloistear macalla na nglúinte a sheas sa tigh seo romhainn, sa tslí is go samhlaítear duit go bhfuil na sinsir os do chionn anairde ag bog-luascadh sna frathacha le haoibhneas an cheoil agus aontacht an phobail.