Dealraíonn sé go gcuirfear tús Dé Luain seo chugainn le comhchainteanna ar shocrú nua pá san earnáil phoiblí.

Beidh na ceardchumainn, ionadaithe eile na n-oibrithe agus oifigigh Rialtais páirteach sna comhráite a bheas ar siúl sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

Ghlac na ceardchumainn inné le cuireadh ón Rialtas páirt a ghlacadh sna cainteanna ach thug siad le fios gur mhaith leo díriú ar an gcéad dul síos ar chomhaontú gearrthréimhseach.

Dúirt na ceardchumainn chomh maith go raibh soiléireacht faoi cheist amháin iarrtha acu ar an Rialtas ach go raibh díomá orthu faoin bhfreagra a fuair siad.

Scríobh Comhdháil na gCeardchumann chuig an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe á fhiafraí de an mbeadh an Rialtas sásta labhairt ar an reachtaíocht éigeandála maidir le caidreamh tionsclaíoch a tugadh isteach in 2009.

Tá ó na ceardchumainn an reachtaíocht sin a chur ar neamhní.

Dúirt Paschal Donohoe, ámh, nárbh fheasach eisean aon tionchar praiticiúil a bheith ag an reachtaíocht éigeandala ar an gcaidreamh tionsclaíoch sa tseirbhís phoiblí.

Os a choinne sin, thug sé le tuiscint go mbeadh sé sásta an cheist a phlé sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

Má bhíonn rath ar na comhráite, d'fhéadfadh 385,000 seirbhíseach poiblí – altraí, dochtúirí, Gardaí agus múinteoirí ina measc – d'fhéadfaidís ardú pá a fháil an bhliain seo chugainn.

An comhaontú pá atá ann faoi láthair, dá ngairtear Ag Dul ó Neart go Neart, tá sé le dul in éag ag deireadh na bliana seo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ