Tá sé tugtha le fios ag fórsaí míleata Iosrael gur bhuail siad 300 targaid a deir siad a bhí bainteach le Hamas in Gaza ó inné.

Deir na hIosraelaigh gur scaoil siad diúracáin ó eitleáin chogaidh leis na targaidí agus gur scrios siad ionaid oibríochta de chuid Hamas, ionaid déanta buamaí agus tolláin faoi thalamh in Jabalia agus in Beit Hanoun i dtuaisceart Gaza.

Ní dúirt siad cé mhéad duine a maraíodh sna ruathair, ámh.

Tuairiscítear freisin gur scaoil na hIosraelaigh baráistí diúracán le hionaid i mbailte Rafah agus Khan Younis ar maidin.

Daoine ag teitheadh óna dtithe in Rafah tar éis do na hIosraelaigh rois diúracán a scaoileadh leis an gcathair, 23 Samhain 2023

Tá na hIosraelaigh fós ag déanamh ionsaithe ón aer ar thargaidí i ndeisceart na Liobáine freisin.

Glactar leis gur targaidí a d'fhéadfadh a bheith bainteach le Hezbollah atá i gceist.

Deir na hIosraelaigh gur dhíothaigh siad "scuad" a raibh sé d'acmhainn aige tancanna a ionsaí agus gur scrios siad teilgeoir diúracán chomh maith.

Cé gur ceapadh go gcuirfí tús inniu leis an sos comhraic ceithre lá a fógraíodh inné, meastar anois nach gcuirfear i bhfeidhm é go dtí amárach ar a thúisce.

Chomh maith lenar socraíodh faoi chúrsaí cogaíochta, gealladh go scaoilfeadh Hamas saor leathchéad giall atá siad a choinneáil in Gaza mar mhalairt ar 150 Palaistíneach atá faoi choinneáil ag na hIosraelaigh.

Dealraíonn sé, áfach, go bhfuiltear ag cur bailchríoch ar na mionsonraí – leithéidí cé na gialla a ligfear saor agus cé dó a dtabharfar ar láimh iad.

Maidir leis an sos comhraic, dúirt an príomh-idirghabhálaí, an taidhleoir as Catar Mohammed al-Khulaifi, dúirt sé go raibh obair fós le déanamh.

Beidh tuilleadh comhráite ann le súil síneadh a chur leis an sos comhraic, arsa sé.

Thug sé le fios freisin go raibh sé dóchasach go mbainfí é sin amach.

Soláthairtí leighis á ndíluchtú in Khan Younis, Gaza, 21 Samhain 2023

Mar chuid dá bhfuil socraithe idir Iosrael agus Hamas, tá súil go ligfear isteach in Gaza na céadta leoraí lán le soláthairtí fóirithinte – bia, uisce, cógais leighis, breosla agus mar sin díobh.

Ó thosaigh na hIosraelaigh ag buamáil Gaza agus ó chuir siad an iamhchríoch faoi léigear an mhí seo caite, tá na milliúin Palaistíneach fágtha gan riar a riachtanais, é sin nó níl acu ach fáil agus caitheamh.

Tá os cionn 14,000 duine maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza le mí go leith – thart ar 5,300 leanbh ina measc – mar dhíoltas as mórionsaí lucht airm Hamas ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair, tráth a mharaigh siad 1,200.

Dar le Catherine Russell, ceannasaí Chiste Éigeandála Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe do Leanaí, go bhfuil Gaza ar an áit is contúirtí ar domhan do leanaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ