Sádh agus gortaíodh triúr páistí óga agus bean sna tríochaidí in aice le Sráid Uí Chonaill i lár chathair Bhaile Átha Cliath tráthnóna. Gortaíodh fear chomh maith.

Deirtear go bhfuil an bhean agus duine de na páistí – gearrchaile cúig bliana d'aois – go bhfuil siad go dona tinn san ospidéal agus gur mionghortuithe a bhain don bheirt pháistí eile.

De réir a bhfuil ráite ag finnéithe, d'ionsaigh fear na páistí agus an bhean le scian taobh amuigh de naíolann atá bainteach le Gaelscoil Choláiste Mhuire ar Chearnóg Parnell Thoir ag thart ar 1.30 tráthnóna.

Thug sé fogha faoi na leanaí ar dtús agus d'ionsaigh sé an bhean nuair a rinne sí iarracht teacht i gcabhair ar na daoine óga.

Deirtear freisin gur thug daoine ag dul an bealach, gur thug siad dúshlán an fhir agus gur éirigh leo srian a chur leis go dtí gur tháinig na Gardaí ar an láthair.

Is cosúil gur éirigh leo chomh maith an scian a bhí aige a bhaint de.

Ghabh na Gardaí fear sna caogaidí sular tugadh é chun an ospidéil, áit a ndeirtear go bhfuil sé go dona tinn.

Láthair an ionsaí scine caomhnaithe ag Gardaí

Tá Ospidéal an Rotunda in aice láimhe agus tháinig foireann leighis an ospidéil i gcabhair ar na páistí a luaithe a chonaic siad ar tharla.

Go hospidéil eile i mBaile Átha Cliath a tugadh na daoine a gortaíodh agus tá duine de na páistí – buachaill cúig bliana – scaoilte amach as Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn ó shin.

Cuireadh obráidí éigeandála ar an gcailín óg agus ar an mbean tráthnóna.

Deir na Gardaí nach bhfuil siad sa tóir ar aon duine eile maidir leis an ionsaí.

Tá sé ráite ag an Taoiseach, Coimisinéir an Gharda Síochána agus ag go leor Teachtaí Dála áitiúla gur chuir an t-ionsaí scine alltacht orthu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ