Tá an sos comhraic a raibh caint air le cúpla lá curtha i ngníomh in Gaza ar deireadh.

Is ar bhuille 5 a chlog ar maidin, am na hÉireann, a plúchadh gleo na ngunnaí móra agus cnagarnach na ngunnaí beaga san iamhchríoch Phalaistíneach atá á tuairgneáil ag fórsaí Iosrael le beagnach seacht seachtaine.

Tuairiscítear Gaza a bheith i bhfad níos ciúine inniu ná mar a bhí aon uair ó thosaigh an bombardú.

Cé gur cosúil go bhfuil an corrphiléar á scaoileadh in áiteanna i gcónaí, níl seabhrán sliogán ná dord diúracán i gcluasa daoine níos mó – ceol míbhinn cogaidh a rabhthas clóite leis le mí go leith.

Ar a shon sin, níl ann ach cairde ceithre lá, arae tá sé geallta ag na hIosraelaigh – agus ag lucht airm Hamas chomh maith – go ndúiseoidh siad na gunnaí an athuair Dé Máirt seo chugainn.

Tanc Iosraelach agus Palaistínigh a gortaíodh de bharr thuairgneáil Gaza, Cathair Gaza, 24 Samhain 2023

Drochthuar go deimhin is ea an fógra atá tugtha ag Arm Iosrael do mhuintir thuaisceart Gaza gan filleadh ar a mbailte.

Is sa tuaisceart is measa atá an scrios agus deir na hIosraelaigh gur blár catha atá ann i gcónaí.

Os a choinne sin arís, má bhíonn grásta Dé idir an diallait agus an talamh, tá súil ag taidhleoirí idirnáisiúnta a chur ina luí ar Iosrael agus Hamas idir seo agus an Mháirt síneadh a chur leis an sos comhraic, a fhad is a théann gach rud ar aghaidh gan tuisliú.

Is é an margadh a rinneadh faoi dhaoine atá i mbraighdeanas ag an dá thaobh bunchloch an tsosa comhraic.

Gealladh go scaoilfeadh Hamas saor leathchéad giall atá siad a choinneáil in Gaza mar mhalairt ar 150 Palaistíneach atá faoi choinneáil ag na hIosraelaigh.

Daoine muinteartha na ngiall ag fanacht le scéala, Tel Aviv, 24 Samhain 2023

Tuairiscítear go bhfuil dháréag saoránach de chuid na Téalainne agus trí Iosraelach déag scaoilte saor cheana féin inniu ag Hamas.

An cailín óg Emily Hand, ar de bhunadh na hÉireann a hathair, níl sí ina measc, áfach.

Tugadh na gialla ar láimh d'oifigigh ó Chumann Idirnáisiúnta na Croise Deirge-an Chorráin Dheirg in Rafah i ndeisceart Gaza.

Ar an taobh eile, is cosúil go bhfuil 39 cime Palaistíneach scaoilte saor ag na hIosraelaigh.

I gceann an mhéid sin, mar chuid den chomhaontú, tá na céadta lastleoraí á ligean isteach in Gaza ón Éigipt ó mhaidin, iad lán le soláthairtí fóirithinte le haghaidh na bPalaistíneach atá gan fágtha gan riar a gcáis ó chuir na hIosraelaigh an iamhchríoch faoi léigear an mhí seo caite.

Leoraí breosla ag dul isteach in Gaza ón Éigipt, 24 Samhain 2023

Chomh maith leis na hearraí fóirithinte, deir Rialtas na hÉigipte go seachadfar 130,000 lítear díosail chuig Gaza gach aon lá as seo go dtí an Mháirt.

Is mar dhíoltas as an mórionsaí a rinne lucht airm Hamas ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair atá na hIosraelaigh ag céasadh mhuintir Gaza.

Mharaigh Hamas daoine as éadan le fíoch fola an lá sin agus thóg siad cúpla céad duine mar ghialla a bhfuil cuid díobh scaoilte saor inniu acu.

Is é eineachlann na nIosraelach, más ea, 14,000 Palaistíneach a bheith maraithe acu in Gaza ó shin, 5,300 leanbh ina measc.

Is é Philippe Lazzarini ceannaire Eagraíocht Fóirithinte na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe Palaistíneacha agus dúirt sé inniu go bhfuil daoine in Gaza cortha spíonta agus gur ar éigean atá aon mhuinín as an gcine daonna fanta acu.

Níl aon insint ar an méid atá siad a fhulaingt, arsa sé.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ