Tá cailín cúig bliana d'aois fós an-dona tinn san ospidéal ó ropadh í le scian ar Chearnóg Parnell Thoir i lár Bhaile Átha Cliath inné.

Gortaíodh beirt pháistí eile agus an bhean a bhí ina bhfeighil nuair a d'ionsaigh fear iad taobh amuigh de naíolann atá bainteach le Gaelscoil Choláiste Mhuire go gairid tar éis am lóin.

Bhain drochghortuithe sa cheann do dhuine den bheirt pháistí sin – cailín sé bliana d'aois – agus tá obráid le cur uirthi inniu.

Is mionghortuithe a bhain don pháiste eile – buachaill cúig bliana – agus scaoileadh amach as an ospidéal é tráthnóna inné.

Tá an feighlí go dona tinn, áfach.

Tá an té a cheaptar a rinne an t-ionsaí san ospidéal freisin agus é faoi gharda.

De réir a bhfuil tugtha le fios ag finnéithe agus ag na Gardaí go dtí seo, thug fear a raibh scian aige fogha faoi na leanaí ar dtús agus d'ionsaigh sé an feighlí nuair a rinne sí iarracht teacht i gcabhair orthu.

Thug daoine a bhí ag dul an bealach dúshlán an fhir agus bhuail gluaisrothaí ó Deliveroo é lena chlogad le dúil a cheansú.

Dúirt an gluaisrothaí – Caio Benicio ón mBrasaíl – gur de réir nádúir a ghníomhaigh sé agus nár chuimhnigh sé air féin.

Baineadh an scian den ionsaitheoir agus cuireadh srian leis nó gur tháinig na Gardaí ar an mball.

Ghabh na Gardaí fear sna caogaidí agus tugadh é chun an ospidéil.

Deir siad nach bhfuil siad sa tóir ar aon duine eile.

Bhí na sluaite ag cruinniú in aice láthair an ionsaithe i gcaitheamh an tráthnóna agus iad tógtha faoina raibh tarlaithe.

Faoi dhorchú an lae, áfach, thosaigh cuid acu ag réabadh agus bhí sé ina chíréib sula i bhfad.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ