Tá na círéibeacha a bhí i lár Bhaile Átha Cliath inné cáinte go forleathan.

Na daoine a bhí páirteach sna círéibeacha, a dúirt an Taoiseach Leo Varadkar, tharraing siad náire ar an bpríomhchathair, ar Éirinn, ar a dteaghlaigh agus orthu féin.

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin nár sholaoid orainne mar phobal an méid a thit amach inné.

Thug an Taoiseach le fios go raibh muinín aige as Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris ainneoin an mhí-oird fhoréignigh ach go gcaithfí mar sin féin, arsa sé, athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí.

An Taoiseach Leo Varadkar

Níl aon mhuinín, áfach, ag ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald as an gCoimisinéir Harris ná as an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee.

Dúirt sí gur chóir don bheirt acu éirí as oifig i bhfianaise na gcíréibeacha.

Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald

Thug Helen McEntee le fios tráthnóna nach raibh lá rúin aici éirí as a cúram agus mhol sí go hard a raibh déanta ag Fine Gael – le hais Shinn Féin – ar son riar na córa.

Níos túisce inniu, tugadh 32 duine os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath agus iad cúisithe i gcionta éagsúla a bhaineann leis an mí-ord a bhí ann inné, gadaíocht ina measc.

D'iarr na Gardaí ar an gcúirt ordú don 28 fear agus don cheathrar ban fanacht amach ó lár na cathrach a fhad is a bheas siad ar bannaí.

Ordaíodh do chuid acu fanacht sa bhaile idir 11 a chlog san oíche agus 6 a chlog ar maidin.

Tiocfaidh siad os comhair cúirte arís san athbhliain.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ