Tháinig plúr na gceoltóirí Gaelacha le chéile faoi stiúir Shíle Denvir agus Colm Mac Con Iomaire le Casadh an tSúgáin a chasadh ar an Tommy Tiernan Show.

Tá clár teilifíse á dhéanamh ag an mbuíon ceoltóirí seo a bheidh le feiceáil ar TG4 go luath. I measc an tsárghrúpa seo tá Máire agus Etaoin Ní Churraoin ó Rath Chairn, Contae na Mí, Megan Mc Ginley as Dún na nGall, Piaras Ó Lorcáin as Contae Ard Mhacha, Caoimhe agus Séamus Ó Flatharta as Conamara agus Cathal Ó Curráin as Dún na nGall agus Méabh Ní Bheaglaoích as Corca Dhuibhne.