Mar chuid de chlár speisialta de Bharrscéalta i gcuimhne ar an gcraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí, chum dlúthchara le Rónán, Eoghan Mac Giolla Bhríde dán speisialta faoin bhfear ar a dtugann sé 'croí na féile'.

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ RnaG:

"Ní féidir é a chur i bhfocail an tionchar a bhí ag Rónán Mac Aodh Bhuí ar a phobal, ná an gean agus grá a bhí ag an bpobal sin dó. Pobal mór millteach leathan fairsing atá ann, pobal na Gaeltachta, pobal na Gaeilge, pobal an cheoil, ealaíontóirí agus scríbhneoirí, feilmearaí agus iascairí, dochtúirí agus dlíodóirí, daoine óga agus daoine nach bhfuil chomh hóg sin, iad sa mbaile agus thar lear, agus iad uilig faoi bhrón ag scéal a bháis." "Craoltóir den chéad scoth a bhí i Rónán, a thuig raidió mar mheán, agus chruthaigh sé píosaí raidió a fhanfaidh i gcuimhne na ndaoine ar feadh i bhfad. D'fhág sé a lorg mar chraoltóir ar bhealach nach bhfuil déanta ag aon chraoltóir eile i saol na Gaeilge ná i saol an Bhéarla. Tá muid go mór faoi chomaoin aige as an méid a rinne sé don stáisiún seo, agus don Ghaeilge lena linn." "Thar cheann an stáisiúin seo agus thar mo cheann féin, ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh lena bhean chéile Bernie, a iníon Fionnuala, agus a mhuintir ar fad, ina measc a dheartháir Cian, iar-chomhleacaí dár gcuid anseo, a chuid cairde uilig agus foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta, go h-áirid foireann Dhoirí Beaga."

Craolfar cláracha speisialta Bladhaire Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh oidhreacht Rónáin.