Ar an gclár Cartlann Bhóthar na Léinsí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta bhí an file iomráiteach, Nuala Ní Dhomhnaill le cloisteáil ón mbliain 1987.

Clár cartlainne é Cartlann Bhóthar na Léinsí ina dtéann Dáithí de Mórdha ag póirseáil siar tríd seanthaifid atá lonnaithe in RTÉ Raidió na Gaeltachta, i gCorca Dhuibhne.

San eagrán seo, tá Nuala ag caint faoin dinnsheanchas an chósta ó Ché na Cathrach go Cuas Crom i bparóiste Fionn Trá. Ba ag caint leis an gcraoltóir Mícheál Ó Sé a bhí Nuala agus ní ag caint faoin bhfilíocht ach ag caint faoi logainmneacha agus an cheangail idir duine agus áit.

Éist anseo le Clingeann na Cloig/ The Bells Ring Out, a poem by Nuala Ní Domhnaill ar Sunday Miscellany ar RTÉ Radio 1.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le Cartlann Bhóthar na Léinsí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh ag 9.10am