Labhair muid le Tadhg Mac Dhonnagáin, údar agus foilsitheoir, faoi Sheachtain na Leabhar Éireannach na bliana seo agus a bhfuil le ceiliúradh againn in Éirinn i dtionscal na leabhar.

Is ambasadóir é Mac Dhonnagáin don tseachtain speisialta cheiliúrtha seo agus bheadh sé deacair duine níos fearr ná níos oilte ná é a aimsiú le leabhair na hÉireann a chur chun cinn.

Anois sa séú bliain di, is ceiliúradh náisiúnta í Seachtain na Leabhar Éireannach ar shiopaí leabhar Éireannacha, leabhair Éireannacha, foilsitheoirí, scríbhneoirí, maisitheoirí agus filí. Tá d'aidhm ag an bhfeachtas daoine fud fad na hÉireann a spreagadh chun cuairt a thabhairt ar a siopa leabhar áitiúil chun teacht ar agus taitneamh a bhaint as raon iontach agus spéisiúil imeachtaí, léamha, cóisirí, taispeántas agus mórán eile.

Luann Tadhg gur 'ionaid chultúrtha' iad na siopaí leabhar seo a chuireann spás agus tearmann ar fáil d'údair agus do léitheoirí araon.

Bhunaigh Tadhg Futa Fata, teach foilsitheoireachta in Iarthar na hÉireann a chuireann leabhair do pháistí i nGaeilge i gcló agus chun cinn i margadh na hÉireann agus níos faide i gcéin. Dúirt sé go raibh fís ann i gcónaí ag Futa Fata go mbéidís 'plugáilte isteach in rud níos leithne' ná margadh na leabhar Gaeilge amháin. D'éirigh le Futa Fata sin a dhéanamh agus bíonn siad ag bualadh le gníomhairí idirnáisiúnta maidir leis na leabhair a fhoilsíonn siad a chur ar fáil do thíortha eile. Deir Mac Dhonnagáin go bhfuil an t-aiseolas a fhaigheann siad ó na gníomhairí seo cabhrach agus spéisiúil agus gur minic a shaibhríonn siad na saothair atá á bhfoilsiú acu.

Dár ndóigh, tá stair shaibhir ag an tír seo maidir le litríocht agus leabhair ach an bhfuil an tionscal slán i láthair na huaire?

D'fhéadfaí barr feabhais a dhéanamh i gcónaí a deir Mac Dhonnagáin ach tá ag éirí go maith le leabhair na hÉireann trí chéile, ó scríbhneoireacht go foilsitheoireacht agus díol na leabhar féin.

Tá dul chun cinn iontach déanta ag Clubanna Leabhar Gaeilge in Éirinn agus go hidirnáisiúnta ó bhí aimsir na paindéime ann, a deir Mac Dhonnagáin. Anois go reachtáiltear cuid mhaith acu ar líne, bíonn deis ag údair labhairt go díreach agus éisteacht lena gcuid léitheoirí, caidreamh atá fíorspeisialta ar fad d'údair dá leithéid.

Tugadh faoi obair mhór le leabhair do pháistí i nGaeilge a bheith níos feiceálaí agus níos lárnaí agus tá Tadhg den tuairim go bhfuil torthaí na hoibre sin le feiceáil anois ar sheilfeanna na siopaí leabhar agus in leabharlanna na hÉireann. Níl siad 'brúite amach ar an imeall' mar a bhíodh ach ar chomhchéim leis na leabhair áille eile atá ar fáil.

Molann Mac Dhonnagáin an paisean agus tiomantas atá acu siúd atá ag plé le leabhair in Éirinn, ó shiopaí leabhar go foilsitheoirí deir sé go bhfuil caighdeán an-ard ag baint lena gcuid oibre agus gur daoine 'ar leith' iad na daoine a thugann faoi leabhair a dhíol sa lá atá inniu ann.

Dúirt Dawn Behan, Cathaoirleach Dhíolachán Leabhar Éireann, "Tá ríméad orainn na dátaí a fhógairt dár bhfeachtas in 2023 agus saothar ealaíne ár bhfeachtais a nochtadh, leis an maisitheoir tréitheach Ashwin Chacko. Tá lúcháir orainn freisin sonraí ár n-ambasadóirí feachtais le haghaidh 2023 a fhógairt, agus táimid ag súil leis na himeachtaí agus gníomhaíochtaí iontacha le teacht chun Seachtain na Leabhar Éireannach a cheiliúradh i mí Dheireadh Fómhair."

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Sheachtain na Leabhar Éireannach 2023 agus faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl ar fud na tíre le linn an cheiliúrtha, coinnigh súil ar ardáin meán sóisialta Dhíolachán Leabhar Éireann; Facebook: @BooksellingIreland, Twitter: @BooksellingI agus Instagram: @BooksellingI agus haischlib an fheachtais #IrishBookWeek

Beidh an ceiliúradh ar siúl Dé Sathairn an 14 Deireadh Fómhair go dtí Dé Sathairn an 21 Deireadh Fómhair 2023.