Ócáid scéalaíochta is ea Seanchoíche a bhfuil an-tóir air ní hamháin anseo in Éirinn ach timpeall na cruinne. Tugtar cuireadh dóibh siúd a bheidh i láthair a scéal féin a insint, bunaithe ar théama faoi leith.

Go hiondúil, is i mBéarla a reachtáiltear an ócáid ach le tacaíocht ó Naoise Ní Bhroinn, tá ócáid Ghaelach le bheith ar siúl ar an 23 Samhain sa Chultúrlann i mBéal Feirste.

Tá neart scéalta le hinsint ag muintir na cathrach agus beifear ag súil lena gcloisteáil ar an oíche. Cuirtear fáilte roimh na scéaltaí sin ach iad a chur i bhfoirm iarratais ar suíomh idirlíne Seanchoíche.

Deir muintir na hócáide faoin oíche speisialta:

The idea is that you come to the event if you want to hear a good story. You can come just to listen and be a spectator, or if you feel like telling a story, you can volunteer to do so.

Tá na ticéid ar fáil anois agus bíonn sciob sceab orthu ag gach ócáid!