Scrúdaítear an nasc idir ealaíontóir agus áit sa chlár taistil seo leis an léachtóir agus an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Agus muid ag druidim le ceann scríbe Ómós Áite, filleann muid ar Chorca Dhuibhne don chlár deireanach sa tsraith seo, ina dtugann Ailbhe Ní Ghearbhuigh cuairt ar an bhfile agus seandálaí Simon Ó Faoláin.

Tugann sé chuig suímh sheandálaíochta muid, agus chuig áiteanna a bhaineann lena óige féin, agus é ag roinnt seanchas an cheantair agus dánta linn, a léiríonn an dlúthnasc atá ann idir scríbhneoir agus an áit ina maireann siad, rud atá ag croílár na healaíne.

In this series, lecturer and poet Ailbhe Ní Ghearbhuigh travels the country to meet with writers to discuss the importance of place in their work. We return to Corca Dhuibhne for the final programme of the Ómós Áite series, where Ailbhe Ní Ghearbhuigh visits the poet and archaeologist Simon Ó Faoláin. Simon takes us to an archaeological site, and to places related to his own childhood, as he shares the folklore of the area and poems with us, reflecting the close link between a writer and where they live, something that is at the heart of art.

Dé Céadaoin 15 Samhain 2.05pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta