25,000+ duine ar fud 32 contae ag glacadh páirte in #Gaeilge24 le Conradh na Gaeilge

Ghlac 25,000 dalta i 250 scoil as 32 contae páirt i ndúshlán #Gaeilge24 le Conradh na Gaeilge. Tá sé mar sprioc ag Gaeilge24 daoine óga a spreagadh le tabhairt faoin nGaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair a chloig i ngach réimse dá saoil.

Iarrfar ar dhaltaí gan ach Gaeilge a labhairt ar scoil, lena múinteoirí, sa bhaile, ag na siopaí agus le gnólachtaí áitiúla, le cairde, agus sa chlub spóirt.

Ag labhairt faoin lá, dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

"Músclaítear meon dearfach i ndaoine óga i leith na teanga ar bhealach spraíúil agus ábhartha trí Ghaeilge24 a dhéanamh. Tugtar deis dóibh eispéireas dearfach a bheith acu agus an Ghaeilge a chur chun cinn ina saoil féin. Má tá muid dáirire faoin Ghaeilge a spreagadh i measc an aosa óig, caithfidh muid deiseanna labhartha laistigh agus lasmuigh de scoileanna a chrúthú go leanúnach."

Beidh idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna Béarla, Gaeilge agus Gaeltachta ó cheann ceann na hÉireann ag glacadh páirte i ndúshlán na bliana seo, agus beidh teastas ar fáil do gach dalta a ghlacann páirt ann.

Paula Melvin

Ag tagairt dá thaithí le Gaeilge24 thar na blianta, dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha agus Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge:

"Is í seo an t-aonú bhliain déag den fheachtas uathúil seo agus tá Gaeilge24 ag dul ó neart go neart i gcónaí. Tá na mílte pacáistí tacaíochta seolta againn ag scoileanna thuaidh agus theas le cúpla lá anuas, agus táimid féin i gConradh na Gaeilge ar bís leis an Ghaeilge a chloisteáil in úsáid ag breis is 25,000 scoláire ar fud an oileáin ar aon lá amháin amárach!"

Dúirt Siobhán Fitzpatrick, Múinteoir i gColáiste Thír an Iúir agus Réalta TikTok @GaeilgeVibes:

"Tá mise agus mo chuid daltaí ar bís le páirt a ghlacadh in #Gaeilge24 i mbliana. Tugann an lá deis do na daltaí a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a úsáid ar bhealach a chuidíonn leo an teanga a thógáil amach as an seomra ranga don lá. Tá sé geallta ag na daltaí go ndéanfaidh siad gach iarracht gan ach Gaeilge a úsáid don 24 uair an chloig, agus tá mé ag tnúth le feiceáil conas mar a éiríonn leo sa dhúshlán!"