Tá cáipéis foilsithe ag RTÉ ina leagtar amach an uaillmhian atá againn chun freastal níos fearr a dhéanamh oraibh sna cúig bliana amach romhainn. Is féidir an cháipéis ("Treo Nua do RTÉ") a fháil lena léamh anseo.

Táimid ag iarraidh bhur chuid tuairimí a fháil ar ár gcuid pleananna. Dá bhrí sin, tá suirbhé ar líne cruthaithe againn chun bhur n-aiseolas a ghabháil. Fáilteofar roimh gach tuairim, cibé más duine thú a úsáideann seirbhísí teilifíse, seirbhísí raidió nó seirbhísí ar líne RTÉ nó nach n-úsáideann. Beidh teacht ar an suirbhé ar feadh trí seachtaine, go dtí Dé Máirt an 28 Samhain 2023.

Is é Behaviour & Attitudes (B&A) atá ag tabhairt faoin suirbhé seo thar ceann RTÉ. Ní bhaileoidh RTÉ d'fhaisnéis phearsanta ná ní chuirfear ar fáil do RTÉ í, i dtaca le polasaí príobháideachais B&A. Níl aon bhealach le nasc a dhéanamh idir torthaí an tsuirbhé agus tú féin go pearsanta. Ní chuirfear ach torthaí suirbhé comhiomlána agus anaithnide faoi bhráid RTÉ. Is soláthróir a bhfuil muinín ag RTÉ as é B&A agus is féidir tuilleadh eolais, polasaí príobháideachais B&A san áireamh, a fháil ag an nasc seo.

Gabhaimid buíochas leat faoi am a ghlacadh chun do chuid aiseolais agus tuairimí a roinnt linn. Chun an suirbhé a chomhlánú cliceáil anseo.

Treo Nua do RTÉ

Agus muid ag druidim le comóradh 100 bliain na meán poiblí in Éirinn, tiocfaidh forbairt ar RTÉ mar fhreagra ar ionchais atá ag athrú ón tsochaí agus ón lucht féachana agus éisteachta. Glacfaimid go fonnmhar lenár ról maidir le dul i ngleic le tionchair dhiúltacha na bréagaisnéise agus clúdach an athraithe aeráide a threorú agus sinn ag comhlíonadh fhís RTÉ. Leanfaimid de bheith inár gcrann seasta ag cultúr na hÉireann trí spéis an lucht féachana agus éisteachta a shásamh le hábhar atá iontaofa, spéisiúil agus dúshlánach, iléagsúlacht dhomhain na tíre a cheiliúradh agus cumas mhuintir na hÉireann a chothú.

Tá na meáin seirbhíse poiblí chomh tábhachtach céanna inniu agus a bhí riamh. Tá sé i gceist againn ár ról a chomhlíonadh trí na gealltanais atá tugtha sa straitéis seo.

  • Is eagraíocht níos cuíchóirithe, níos nua-aimseartha agus níos simplithe a bheidh in RTÉ, eagraíocht ina mbeidh níos lú fostaithe, forchostais laghdaithe agus teicneolaíocht nuashonraithe.
  • Déanfaimid i bhfad níos mó ábhair a choimisiúnú ó chomhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha ar fud na hÉireann agus cuirfimid leis an tacaíocht don gheilleagar cruthaitheach, agus é mar aidhm againn ár n-infheistíocht fhoriomlán a mhéadú 50%.
  • Oibreoimid dhá ionad léiriúcháin, ag leathnú i gCorcaigh agus ag laghdú Bhaile Átha Cliath, ag éagsúlú fostaíochta agus an ábhair a léirítear agus a choimisiúnaítear.
  • Déanfaimid infheistíocht chun naisc níos fearr a sholáthar le lucht féachana an RTÉ Player, aip fuaime nua agus aip RTÉ News níos leathnaithe, ag pearsantú agus ag cur ár n-ábhair ar ardchaighdeán agus a mbíonn tionchar aige os comhair an phobail.
  • Tabharfaimid tús áite do sheachadadh ár n-ábhair bheo agus ar éileamh trínár dtáirgí digiteacha, rud a laghdóidh an costas a bhaineann le dáileadh craolta traidisiúnta. Beimid ag dúnadh, dá bhrí sin, na gcainéal teilifíse 'atá uair an chloig ar chúl' RTÉ One +1 agus RTÉ2 +1.
  • Dúnfaimid freisin RTÉ Radio 1 Extra, RTÉ 2XM, RTÉ Pulse agus RTÉjr Radio agus tairgfimid seinmliostaí ar éileamh trínár n-aip nua.
  • Beimid inár gcoimeádaí níos fearr ar mhaoiniú poiblí le creat nua Rialachais Chorparáidigh chun cloí leis na caighdeáin is airde trédhearcachta agus cuntasachta.