Labhair Dr. Rosemary Day, ceannasaí ar Roinn Léinn na Meán agus Cumarsáide i gColáiste Mhuire in Ollscoil Luimnigh mar gheall ar an 'treo nua' atá leagtha amach ag RTÉ le cúpla lá anuas ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Eagraíocht níos lú a bheidh in RTÉ feasta agus í ag iarraidh dul i ngleic leis an ngéarchéim airgeadais ina bhfuil sí faoi láthair. Plean deich bpointe a cuireadh faoi bhráid na foirne agus an phobail le fíorbheagán sonraí ar na pointí a luadh.

Dúirt Dr Day, níl anseo ach straitéis shealadach nach bhfuil mórán go bhféadfá anailís a dhéanamh air seachas na ciorruithe ar chúrsaí foirne. Luaigh sí go bhfuil suas le 150 le himeacht ar scor amach as an 400 a luadh atá ón eagraíocht ag imeacht ar iomarcaíocht dheonach. Tugadh le fios freisin go bhfuil pá na láithreoirí anois laghdaithe sa tslí is nach dtuillfidh éinne acu níos mó ná an Stiúrthóir Ginearálta féin agus go bhféachfar ar thuarastal na mbainisteoirí atá ag tuilleamh níos mó ná €100,000 sa bhliain ann.

Tá airgead na bliana seo chugainn slán ach go bhfuil 10 milliún le sabháil ag an eagraíocht le polaiteoirí a shásaimh.

Tá suibhé don phobal curtha amach mar chéad chéim den phróiséas seo. Dár ndóigh, an cheist is mó agus is práinní ná ceist maoinithe RTÉ agus mar a tharlóidh seo amach anseo.