Fógraíonn Amharclann na Mainistreach saothar oibre le 120 bliain d'Amharclann Náisiúnta na hÉireann a cheiliúradh agus le honóir a léiriú d’oidhreacht an chomhbhunaitheora, Lady Gregory.

Déanfaidh an saothar ceiliúradh ar oidhreacht cheannródaíoch Lady Gregory mar cheannaire ealaíonta, mar léiritheoir misniúil agus mar dhuine a thacaigh go mór le glúin amharclannóirí.

Beidh saothair nua fhíoriontacha agus uaillmhianacha scríbhneoireachta anuas ar sheoda atá i bhfolach ar an saol ó chanóin amharclannaíochta na hÉireann, agus comhoibriú le healaíontóirí agus comhpháirtithe tábhachtacha sa chlár ceiliúrtha.

Dé Máirt, an 14 Samhain 2023: D’fhógair Comhstiúrthóirí Amharclann na Mainistreach, an Stiúrthóir Ealaíne Caitríona McLaughlin, agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Mark O’Brien inniu sonraí faoi shaothar nua oibre le ceiliúradh a dhéanamh ar 120 bliain ó chomhbhunaigh Lady Gregory agus WB Yeats amharclann náisiúnta na hÉireann. Déanfaidh an saothar ceiliúradh ar oidhreacht cheannródaíoch Lady Gregory mar cheannaire ealaíonta, mar léiritheoir misniúil agus mar dhuine a thacaigh go mór le glúin amharclannóirí.

Ceiliúrfar roinnt garspriocanna móra in amharclannaíocht na hÉireann i meanma chomhoibrithe, faoi mar a léirigh Lady Gregory:

Breithlá 60 Bliain an drámadóra Marina Carr.

Comóradh 40 Bliain ar Chompántas Amharclannaíochta Rough Magic, faoi stiúir Lynne Parker.

Comóradh 20 Bliain ar Landmark Productions, faoi stiúir Anne Clarke.

Agus Comóradh 120 Bliain ar Amharclann na Mainistreach.

Tionscadal Gregory

Léireofar idéil sármhaitheasa, uaillmhéine, ionchuimsithe, fiontraíochta agus cheiliúrtha Lady Gregory i seacht ndráma mhóra faoin teideal Tionscadal Gregory, a spreag an tacaíocht dhiongbháilte, phaiseanta, agus gan staonadh a thug sí d’ealaíontóirí, scéalaithe agus scríbhneoirí Éireannacha. Díreach mar a lorg Gregory cabhrú le stát nuabhunaithe na hÉireann a shuíomh mar thír dhinimiciúil, shaorsmaoinimh, neamhspleách agus Eorpach, leanfaidh Tionscadal Gregory lena mhacasamhail d’fhiosrú a dhéanamh ar an Éireannachas tríd an amharclannaíocht, a scrúdaíonn cé sinn féin anois – agus a fhiosraíonn cé a dhéanfar dínn amach anseo.

Ag caint ar an tionscadal, dúirt an Stiúrthóir Ealaíne agus an Comhstiúrthóir ag Amharclann na Mainistreach, Caitríona McLaughlin:

"Cuireadh barr feabhais ar an dúil a bhí ag Lady Gregory san ealaín ar fud na hEorpa, ach spreagadh a paisean d’fhriotal agus do scéal nuair a bhí sí ag éisteacht leis na daoine a bhí mórthimpeall ar an áit ar chónaigh sí in Iarthar na hÉireann. Spreag sí drámadóirí, ag Amharclann na Mainistreach, agus ag a háit chónaithe i bPáirc na Cúile araon, áit ar chuir sí fáilte rompu, chun dul sa tóir ar an tsármhaitheas a bhaint amach óna bpeirspictíocht féin agus ina dteanga choiteann féin. Cuimsítear ina hoidhreacht gach drámadóir a scríobhann faoina n-eispéireas den saol in Éirinn, ina nglór uathúil Éireannach.

"Is iad an seisear drámadóirí a gcuimsítear a saothair in Tionscadal Gregory Hilary Fannin, Elizabeth Kuti, Barbara Bergin, Mary Manning, Nuala Ní Dhomhnaill agus Marina Carr. Tá súil againn, trína seacht ndráma ar bunsaothair amach is amach iad, tús a chur le plé nua lenár lucht féachana. Táim ag tnúth le suí san amharclann, an t-eispéireas a roinnt leo agus éisteacht leis an méid a bheidh le rá acu."

Audrey or Sorrow

Le Marina Carr

Á stiúradh ag Caitríona McLaughlin

Comhléiriúchán Landmark Productions agus Amharclann na Mainistreach

Dé hAoine, an 23 Feabhra-Dé Sathairn, an 23 Márta 2024

Osclófar Tionscadal Gregory le Audrey or Sorrow, dráma nua le Marina Carr, agus tá ticéid ar díol anois. Scríbhneoirí iad Marina Carr agus Lady Gregory atá faoi gheasa ag miotais ársa, agus faoin méid ar féidir leo a mhúineadh dúinn faoinár ndaonnacht; cruthaitheoirí drámaí den scoth atá bunaithe ar charachtair phaiseanta iad an bheirt acu agus ina mbronntar comhthéacs áitiúil ar mhiotais agus ar fhinscéalta trí iad a shuíomh faoin tuath in Éirinn. Dráma dorcha agus thar a bheith greannmhar é Audrey or Sorrow nach bhfuil rud ar bith ann mar a shíltear. Tabharfaidh an dráma an lucht féachana ar thuras fada ilchruthach isteach i ndomhan ina bhfuil rúin ag teaghlaigh, ina bhfuiltear thíos le caillteanas doshamhlaithe, ina bhfuil taibhsí agus mí-iompar ar bun acu agus ina leanann an fharraige ag mealladh léi de shíor.

Léirítear sa dráma leagáid Carr go dtí seo: scéalaíocht a dhéanann fiosrú domhain ar chomhdhéanamh casta dhinimic an teaghlaigh; a sháraíonn teorainneacha an ghrá, an nirt agus na dúile. An chéad taispeáint dhomhanda as dhá thaispeáint saothar le Carr a bheidh ann agus déanfaidh sé ceiliúradh ar a breithlá 60 bliain agus ar a tríú bliain mar Dhrámadóir Sinsearach Comhlach Amharclann na Mainistreach. Is í Caitríona McLaughlin an stiúrthóir agus tá an comhléiriúchán seo idir Amharclann na Mainistreach agus Landmark Productions mar chuid freisin de chomóradh 20 bliain Landmark Productions.

Marina Carr

Na Peirsigh / Persians

Le hAeschylus.

Aistrithe ag Nuala Ní Dhomhnaill.

Á stiúradh ag Conor Hanratty.

Léiriúchán Amharclann na Mainistreach

Dé Céadaoin, an 6 Márta-Dé Sathairn, an 6 Aibreán 2024

Léireoidh Amharclann na Mainistreach aistriúchán nua Gaeilge ar thraigéide Ghréagach Aeschylus Na Peirsigh / Persians leis an scríbhneoir agus an file cáiliúil Nuala Ní Dhomhnaill ar Stáitse na Péacóige. Spreagadh Amharclann na Mainistreach, tar éis machnamh a dhéanamh ar an mbunsraith a leag Lady Gregory 120 bliain ó shin, súil a chaitheamh níos faide siar ar bhunús na foirme ealaíne féin sa tSean-Ghréig. Insítear in Na Peirsigh / Persians scéal faoi bhua aisteach a bhí ag an nGréig a insíonn an dream a chaill, aisteach go leor. Dráma é ina leagtar amach an oiread sin a dhéanfaidh agus a rinne an amharclannaíocht agus a chaithfidh an amharclannaíocht a dhéanamh agus spreagann sé sinn peirspictíocht eile a shamhlú, déanann sé an méid a bhfuil súil againn a threascairt agus léiríonn sé onóir ar dhaonnacht an namhad. Deis an-chorraitheach a bheidh ann chun lán na súl a bhaint de leagan saibhir nua den dráma is sine san Eoraip a bhfuiltear eolach air atá á chur ar stáitse go fóill agus chun teacht ar bhealach lena athinsint a thuiscint sa teanga labhartha is sine san Eoraip, an Ghaeilge, le fotheidil Bhéarla.

Children of the Sun

Le Hilary Fannin tar éis Gorky.

Á stiúradh ag Lynne Parker.

Comhléiriúchán Rough Magic agus Amharclann na Mainistreach

Dé Sathairn, an 13 Aibreán-Dé Sathairn an 11 Bealtaine

Níos déanaí in 2024 taispeánfar den chéad uair cóiriú drámata radacach Hilary Fannin de Children of the Sun le Maxim Gorky ar stáitse Amharclann na Mainistreach. Scríobh Augusta Gregory agus Maxim Gorky i dtréimhse ina raibh athrú suntasach polaitíochta ag teacht ar chúrsaí i gcearna éagsúla san Eoraip. Tá ár gcomhstair fréamhaithe sna himeachtaí siúd agus sa tréimhse ina ndiaidh sna céad bliain corraitheach chomh fada leis an am i láthair.

Taistealóidh leagan Fannin de dhráma grinn dorcha Gorky i bhfad i gcéin ón mbuntéacs agus ón mbunsuíomh go dtí an t-am i láthair. Is éard atá ina chroílár ná scéal faoi conas a éiríonn le teaghlach beag, a ndream anordúil cairde agus strainséir idéalaíoch amháin cur isteach ar a chéile, siamsaíocht a chur ar fáil dá chéile agus fearg a chur ar a chéile i rith géarchéime, fad atá a ndomhan lasmuigh dá mballaí sobhriste á athmhúnlú ag fórsaí nach féidir stop a chur leo.

Táimid uile ag maireachtáil - ag iarraidh maireachtáil - agus athrú as cuimse tubaisteach ag titim amach. An féidir le córais chomhchoiteanna smaointeoireachta agus/nó chreidimh: an ealaín, Dia, an eolaíocht, sinn a chosaint, sinn a chothú, sinn a smachtú? An dtugaimid macasamhail dínn féin faoi deara sna daoine seo? Cuirfear an léiriúchán seo i láthair i rith chomóradh 40 Bliain Rough Magic.

Eiseofar sonraí breise faoi dhátaí in am agus i dtráth agus taispeánfar ceithre léiriúchán de chuid Amharclann na Mainistreach den chéad uair mar chuid de Thionscadal Gregory:

The Boy

le Marina Carr

Coimisiúnú Amharclann na Mainistreach

Seo an chéad uair ar domhan a thaispeánfar an dráma seo atá ina léiriú ar thríológ Ghréagach na Téibhe Oedipus, Oedipus Oedipus at Colonus agus Antigone, a insítear ó pheirspictíocht mháthar. Leantar leis na rudaí céanna a fhiosrú ann a fhiosraíonn Carr – bunchlocha na drámaíochta nua-aimseartha agus ceisteanna faoin méid atá i gceist le bheith i do dhuine daonna in 2024.

The Sugar Wife

le Elizabeth Kuti

Léiriúchán Amharclann na Mainistreach

Scéal é seo a scríobhadh faoi theannas na heitneachta agus na hinscne, ina leagtar béim ar an teannas idir cumaí, dearcadh agus réadúlacht, agus suáilce, atá suite sa bhaint dhúshlánach stairiúil a bhí ag Éirinn i dtrádáil an tsiúcra sna 1800idí. Fiosraítear sa dráma seo atá thar a bheith uaillmhianach an gaol atá idir Éirinn agus an domhan níos fairsinge. Thug Lady Gregory tús áite do pheirspictíochtaí idirnáisiúnta a thabhairt isteach go hÉirinn, agus Éire a chur faoi chaibidil i bplé domhanda.

Youth’s the Season - ?

le Mary Manning

Aoir teachta in aois greanntraigéide é seo ina léirítear ógánaigh ó Bhaile Átha Cliath a bhíonn bríomhar, corruair, gruama go minic agus duairc i gcónaí de réir mar a théann siad i ngleic lena n-uaillmhianta, a róil inscne, a dtodhchaí éiginnte agus leo féin.

Dublin Gothic

le Barbara Bergin

Coimisiúnú Amharclann na Mainistreach

Dráma fairsing é seo faoi thrí ghlúin a mhaireann i dteach amháin i mBaile Átha Cliath i rith tréimhse shuaithe céad bliain; a chuir stair chailliúnaí Bhaile Átha Cliath ar fáil, a insítear i meascán mearaí stíleanna liteartha faoi dhaoine a bhfuil ag streachailt orthu an t-aon rud a choimeád a d’fhéadfaidís a chailleadh: an díon os a gcionn. Thacaigh Lady Gregory le scríbhneoireacht nua agus thuig sí a thábhachtaí a bhí sé na scéalta faoi cheantar áitiúil ár n-amharclainne, Lár na Cathrach Thuaidh, a chur ar stáitse. Tá dráma nua Barbara Bergin éachtach ó thaobh scála de agus léirítear Baile Átha Cliath 1 ann i rith trí ghlúin de chónaitheoirí.