Tá reachtaíocht nua á dréachtú ag an Rialtas chun na prótacail a bhaineann le hÓglaigh na hÉireann a chur ar dualgas thar lear a athrú.

Tugtar an 'Glas Triarach' ar na prótacail atá ann faoi láthair.

Sin iad na trí chlaí is gá a chaitheamh sular féidir saighdiúrí as an tír seo a chur thar lear.

Dá réir seo, caithfidh an Rialtas, Dáil Éireann agus na Náisiúin Aontaithe, caithfidh siad ar fad cead a thabhairt Óglaigh na hÉireann a chur ar fiannas ar an gcoigcríoch.

Tá sé ráite cheana ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin, gur mhian leis an Rialtas an polasaí seo a mhaolú le nach gcaithfí dul i gcomhairle ní ba mhó le Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Thug sé le fios go mbíonn na cúig bhall bhuana den Chomhairle Slándála go síoraí ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a chéile agus go gcuirtear cosc go minic dá bharr seo ar mhisin shíochánaíochta idirnáisiúnta..

Mhaígh Micheál Martin inniu go raibh géarghá leis na leasuithe atá an Rialtas a mholadh le gur féidir dul i bhfóir ar dhaoine ar an bpointe boise nuair atá géarchéim nó éigeandáil ann.

Tá a bhfuil á mholadh ag an Rialtas cáinte, áfach, ag Sinn Féin.

Dúirt urlabhraí gnóthaí eachtracha an pháirtí sin Matt Carthy go mbainfeadh plean an Rialtais an bonn de neodracht na hÉireann.

Níl muintir na hÉireann ina fhabhar agus ba chóir reifreann a ghairm ar an gceist, arsa sé.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ