Tá sé deimhnithe ag Rialtas Chatar go bhfuiltear le sos comhraic ceithre lá a chur i bhfeidhm in Gaza.

Bhí idirghabhálaithe ó Chatar ag tathant ar Rialtas Iosrael agus ar Hamas le cúpla lá stad den chogaíocht le faill a thabhairt gialla a scaoileadh saor agus teacht i gcabhair ar shibhialtaigh Phalaistíneacha atá i ngéaréigean.

De réir a bhfuil socraithe, is cosúil, scaoilfidh Hamas saor leathchéad giall atá siad a choinneáil in Gaza mar mhalairt ar 150 Palaistíneach atá faoi choinneáil ag na hIosraelaigh. Tuigtear gur mná agus páistí a bheas sa dá chéad.

Ina cheann sin, thug na hIosraelaigh le fios go gcuirfidís-sean síneadh leis an sos comhraic dá scaoilfeadh Hamas saor tuilleadh daoine atá i mbraighdeanas acusan.

Chuirfí síneadh lae leis an sos comhraic as gach deichniúr breise a ligfí saor, a dúirt na hIosraelaigh.

Níl sé deimhnithe fós cén uair a chuirfear tús leis an sos comhraic ach tá súil le scéala faoi sin gan mhoill.

Ag cíorláil an smionagair in Rafah, Gaza, 22 Samhain 2023

Áirítear thart ar 240 giall a bheith á gcoinneáil ag Hamas in Gaza ó thug siad ollruathar marfach faoi lonnaíochtaí i ndeisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fomhair.

Mharaigh lucht Hamas thart ar 1,200 duine sa ruathar sin agus tá 13,300 Palaistíneach ar a laghad maraithe ag na hIosraelaigh ó shin.

Chomh maith le hIosraelaigh, tá saoránaigh ó neart tíortha eile i measc na ngiall a thóg Hamas – na Stáit Aonaithe, an Bhreatain, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Phortaingéil, an Airgintín, an tSile agus an Téalainn san áireamh.

Creidtear go bhfuill an cailín naoi mbliana d'aois ar de bhunadh na hÉireann a hathair, Emily Hand, go bhfuil sí i measc na ngiall freisin.

Emily Hand

Níl aon deireadh fós leis an marú in Gaza, áfach.

Tá sé á thuairisciú ag nuacht-áisíneacht Phalaistíneach gur maraíodh 33 duine agus gur leonadh na dosaein nuair a bhuamáil na hIosraelaigh campa teifeach Jabalia i dtuaisceart Gaza inné.

Tá Jabalia timpeallaithe ag tancanna na nIosraelach faoi láthair.

Ar a dhroim sin, tuairiscítear gur maraíodh deichniúr agus gur gortaíodh 22 duine de bharr ionsaí buamála a rinne na hIosraelaigh ar árasáin in Khan Younis i ndeisceart Gaza.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ