Tá €4 mhilliún i maoiniú breise curtha ar fáil ag an Rialtas do TG4.

Ag éisteacht de Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge inniu, d'fhógair an tAire Meán Catherine Martin go raibh an t-airgead breise á lamháil do TG4 le go bhféadfadh an stáisiún dátheangach cur go mór leis na seirbhísí atáthar a sholáthar cheana féin.

Is ag caint ar na meastacháin fhorlíontacha le haghaidh seirbhísí poiblí don bhliain reatha seo a bhí an tAire Martin nuair a d'fhógair sí go raibh na €4 mhilliún breise le cur ar fáil do TG4.

Tá Sinn Féin den bharúil, áfach, go bhfuil an t-ardú a fógraíodh inniu ró-íseal.

Fógraíodh inniu chomh maith inniu go bhfuil sé i gceist ag an Roghchoiste Gaeilge mórphlé a reáchtáil go luath maidir leis na meáin Ghaeilge agus a bhfuil i ndán dóibh.

Dúradh go dtabharfaí cuireadh dá réir do RTÉ, do TG4 agus do Choimisiún na Meán páirt a ghlacadh i suaitheadh na ceiste.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ