I gcúirt chróinéara i mBéal Feirste, dúradh nach raibh sé i gceist ag na póilíní sa Tuaisceart faisnéis atá faighte acu le deireanas maidir le marú Caitlicigh i 1997, nach raibh sé i gceist acu an fhaisnéis sin a chur ar fáil.

Oíche an 12 Bealtaine 1997, d'fhuadaigh dílseoirí ón LVF Seán Brown, 61 bliain d'aois, taobh amuigh de chlubtheach CLG Wolfe Tones Bhaile Eachaidh i gCo Dhoire, agus lámhach agus mharaigh siad é i mBaile Raghnaill, Co Aontroma, go gairid ina dhiaidh sin.

Chreid náisiúnaithe riamh go raibh póilíní an RUC bainteach leis an marú.

I litir a léadh sa chúirt chróinéara inniu, tugadh le fios thar ceann Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann go raibh 'deacrachtaí' ag baint leis an bhfaisnéis a bhí faighte acu.

Ba chirte an fhaisnéis sin a chíoradh in éisteacht rúnda mar chuid d'fhiosrúchán poiblí seachas i gcúirt chróinéara, a dúradh sa litir.

Níl éisteachtaí rúnda ceadaithe i gcúirteanna cróinéara.

Thug na póilíní le fios freisin nach gcuirfidís in aghaidh fiosrúchán poiblí a bhunú.

Dúradh chomh maith go mbeadh ardchonstábla na bpóilíní Jon Boutcher sásta an scéal a phlé le teaghlach Sheáin Bhrown dá mba mhian leo.

Tá muintir Brown thar a bheith míshásta, áfach, le cinneadh na bpóilíní gan an fhaisnéis a chur ar fáil.

Dúirt siad go raibhl na póilíní ag caitheamh leo go cruálach, go míthrócaireach agus go maslach.

Níor cúisíodh aon duine riamh i ndúnmharú Sheáin Brown ach creideann an teaghlach gur gníomhairí an RUC ba chiontaí leis agus gur go sleamchúiseach a fiosraíodh an cás, má fiosraíodh é ar chor ar bith.

Bunaíodh an coiste cróinéara maidir leis an dúnmharú i mí an Mhárta seo caite ach is beag dul chun cinn aige atá déanta ó shin.

Is é an drogall atá ar na póilíní cáipéisí a chur a fháil is mó is siocair leis an moill.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ