Sa chlár seo tá Ferdia ag breathnú ar sheirbhísí cuardach agus tarrthála a sholáthraíonn foirní difriúla thart ar an tír agus an tionchar a bhíonn ag an aimsir ar dár gcuid oibríochtaí. Freisin tá roinnt comhairle aige maidir le cen chaoi is féidir thú féin a eagrú dho eachtra faoin tuath sna sléibhte nó amuigh ar an bfharraige mór, ionas nach mbeidh aon chabhair ag teastáil uait.

Labhraíonn Ferdia le pílótach ó aerchór na hÉireann, Captaen Gerróid Ó Turraoin, a insíonn dúinn beagánín faoi a chuid oibre.

Má tá suim agat i meitéareolaíocht, athrú aeráide nó ba mhaith leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge, éist le Podchraoladh Met Éireann ag rte.ie/podcasts nó cibé áit a bhfaigheann tú do podchraoltaí.