Cuirfear tús le Sceideal an Fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Luain 19 Meán Fómhair, agus i measc na n-athruithe atá fógartha beidh láithreoirí nua ar thrí cinn de phríomh-chláracha an stáisiúin – Adhmhaidin, Iris Aniar agus Nuachta a hAon – agus beidh dhá chlár iomlán nua ag teacht ar an aer.

Is é Adhmhaidin príomh-chlár cúrsaí reatha Raidió na Gaeltachta, agus beidh beirt láithreoirí nua ar an gclár sin do sceideal an fhómhair, is iad sin Máirín Ní Ghadhra agus Séamus Ó Scanláin.Beidh Máirín ar an aer ó Luan go Céadaoin, agus is é Séamus a bheidh ann Déardaoin agus Dé hAoine.Déanfar mion-chíoradh ar scéalta Gaeltachta, ar scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an gclár, agus tá an bheirt láithreoirí ag súil go mór leis an dúshlán nua.

Deir siad:"Aithníonn pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta tábhacht an chláir, agus cuireann a bhformhór tús lena lá agus cluas acu leis an Raidió.Tá súil againn comhluadar agus eolas a choinneáil le pobal éisteachta an Raidió agus iad ag dul amach chuig an scoil agus ag obair i rith na seachtaine."

Is í Máire Bríd Ní Chualáin a bheas ag cur i láthair Iris Aniar, agus is é Mícheál Ó Tuathail a bheas ag léiriú.Tabharfaidh an clár ardán don phobal chun na hábhair is mó atá ag déanamh imní dóibh a phlé. Beidh an fhoireann ag dul amach i measc an phobail go rialta le labhairt le daoine faoina gcuid scéalta pearsanta féin i nGaillimh, i Maigh Eo agus i Ráth Cairn, agus tá súil acu go mbeidh an pobal páirteach go mór sa chlár.Deir Máire Bríd:"Tá mé ag tnúth le tabhairt faoi mo ról nua mar láithreoir ar an gclár Iris Aniar.Tá súil againn tús spleodrach a chur leis an séasúr, agus tá mé ag súil go mór a bheith i gcomhluadar an phobail chuile mhaidin. Beidh súil againn, mar a bhíonn sa saol, trom agus éadrom a chlúdach, ach thar aon rud eile tá neart beartaithe againn le go mbeidh píosa spraoi agus gáire againn freisin sa séasúr nua d'Iris Aniar."

Is í Fionnuala Uí Neachtain a bheas i gcathaoir an láithreora ar Nuacht a hAon ón 19 Meán Fómhair.Beidh plé agus anailís aici féin agus an fhoireann dúinn ar aon chor nua i scéalta an lae ag 1 pm ó Luan go hAoine.Cé gur athrú mór a bheas i gceist ó chlár irise go clár nuachta, tá sí ag súil leis an dúshlán nua agus súil aici go mbeidh deis ag an gclár a dhul amach ag craoladh sa phobal chomh minic agus is féidir.

Fionnuala Uí Neachtain

Beidh dhá chlár iomlán nua mar chuid de sceideal an fhómhair freisin.Cuirfidh Séamus Ó Scanláin Céapar na Céadaoine i láthair gach Céadaoin ag 2.05 pm, clár comhrá agus siamsaíochta, le scéalta an phobail, ceol agus go leor gáire.Dé hAoine ag 2.35 pm, cuirfidh Cárthach Bán Breathnach an clár nua Cúlchaint i láthair ina gcloisfear agallaimh le pearsaí spóirt, ach beidh siad ag comhrá leis faoin saol atá acu taobh amuigh de chúrsaí spóirt.Is é Seán Denvir, iar-pheileadóir na Gaillimhe, an aoi a bheas aige sa chéad chlár.I measc na n-aíonna eile a bheidh le cloisteáil sa tsraith, beidh Naomi Ní Chearbhaill, Éabha Rutledge, Paul Flanagan, Éanna Ó Conchúir agus Mairéad Seoighe.

Deir Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta:

"Tá muid thar a bheith sásta a bheith ag cur tús le Sceideal an Fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Mar a fheicfidh daoine, tá roinnt athruithe foirne déanta, agus cloisfear craoltóirí in áiteacha nua, agus cur chuige a bheas difriúil agus úr ar chláracha. Rachaidh na forbairtí seo chun leasa na seirbhíse, agus níos tábhachtaí ná aon rud eile, chun leasa éisteoirí na seirbhíse sa bhaile nó i bhfad i gcéin. Mar chuid de cheiliúradh an leathchéid i mbliana, theastaigh uainn an Raidió a thabhairt amach i measc an phobail.Rinne muid sin, agus leanfar leis sa bhFómhar agus muid le bheith ar cuairt ag pobail éagsúla le craoltaí seachtracha, coirmeacha ceoil, clúdach ar ócáidí agus imeachtaí ar nós Oireachtas na Gaeilge, rud nach raibh muid in ann a dhéanamh le fada, agus tá muid ag súil go mór leis."

Chomh maith leis na cláracha nua sa sceideal, fillfidh go leor cláracha ar an aer i ndiaidh bhriseadh an tsamhraidh.

Beidh sraith eile den chlár Cuan an Cheoil ag tosú ar an Déardaoin 22 Meán Fómhair ag 7 pm, léiriú de chuid Stiúideo Cuan maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann.Is é Liam Ó Maonlaí a chuireann an tsraith seo i láthair, agus é i mbun ceoil agus comhrá le haíonna éagsúla gach seachtain.I measc na n-aíonna a bheas le cloisteáil i Sraith 2, beidh Paddy Glackin agus Dónal Lunny, Nell Ní Chróinín, Cormac agus Eoin Ó Beaglaoich, agus Edel Fox agus Caoimhín Ó Fearghail, gan ach cuid acu a lua.Beidh físeáin de na cláracha le feiceáil ar líne gach seachtain freisin.Beidh Ceol go hAer le Caoimhín Ó Sé ar ais gach Déardaoin ag 8.30 pm, agus beidh an bhéim ar cheol rince, bríomhar, anamúil sa chlár seo, agus amhrán nó dhó freisin dar ndóigh.

Mar chuid de na hathruithe sceidil, tá fad curtha leis an gclár An Bóthar go Nashville le Jó Ní Chéide gach Luan, a bheidh ar siúl anois ó 9 pm go 11 pm.Beidh dhá uair an chloig de cheol tíre na cruinne ag Jó dúinn gach seachtain, agus beidh eolas aici dúinn freisin faoi cheolchoirmeacha, camchuairt na réalta ceoil, agus blúiríní eolais faoi na hamhránaithe is aitheanta sa cheol tíre.Oíche Dé Luain, mar sin, tosóidh An Taobh Tuathail ag 11 pm seachas 10 pm mar a bhíodh, agus beidh ceol réchúiseach ag Cian dúinn le tús a chur leis an tseachtain, ach is ag 10 pm mar is gnáth a bheas an clár don chuid eile den tseachtain.

Beidh Eibhlín de Bhailís ar ais sa chathaoir don chlár Cuideachta Ceoil gach maidin ó Luan go hAoine ag 10.15 am, agus tá súil aici go dtabharfaidh an clár sos do na héisteoirí ó scéalta móra an lae le rogha breá ceoil, idir cheol meidhreach agus suaimhneach.

Beidh Bladhaire ag filleadh le séasúr nua, agus beidh Áine Ní Bhreisleáin ar ais sa chathaoir gach seachtain agus agallaimh spéisiúla agus ceol iontach aici dúinn, agus neart spraoi agus gáire freisin, gach Déardaoin agus Aoine ag 3 pm.Beidh Fachtna Ó Drisceoil ar ais sa chathaoir do Tús Áite, clár cúrsaí reatha an tráthnóna a chraoltar beo as Baile Átha Cliath ag 5 pm ó Luan go hAoine.

Athraíodh an t-am don chlár iarratais Cas Ceirnín don samhradh, agus beidh sé ag fanacht mar atá, le rogha breá ceoil agus amhrán, duaiseanna agus neart iarratas ag Pádraig Ó Braonáin do na héisteoirí gach maidin Sathairn ag 10 am.Ina dhiaidh sin, déanfar cíoradh ar scéalta móra nuachta agus polaitíochta na seachtaine ag 11 am ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra.

Ba í Bairbre Uí Choisdealbha a bhí sa chathaoir don chlár Togha agus Rogha an Domhnaigh do mhíonna an tsamhraidh, agus beidh iarratais, duaiseanna, ceol agus amhráin ag Bairbre dúinn gach Domhnach ag 12.0 pm i Sceideal an Fhómhair freisin.

Beidh spléachadh ar dhomhan na n-ealaíon le fáil ar an gCúinne Dána ag 6.30 pm Dé Domhnaigh le Tristan Rosenstock.Ina dhiaidh sin, beidh dhá uair an chloig de cheol traidisiúnta den scoth le cloisteáil ag na héisteoirí, le beirt chraoltóirí ar ceoltóirí aitheanta iad beirt freisin - an clár Ceol a’Ghleanna le Ciarán Ó Maonaigh ag 7 pm, agus An Braon Gaelach le Muireann Nic Amhlaoibh ina dhiaidh sin ag 8 pm.

Beidh foireann spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an mbóthar le tráchtaireacht, anailís agus tuairisceoireacht ar chúrsaí spóirt thiar, thuaidh, theas agus thoir san fhómhair, mar a bhíonn i gcaitheamh na bliana. Beidh na comórtais craoibhe sna contaetha Gaeltachta á gcraoladh beo, babhtaí cinniúnacha i gCraobh na gClub agus na cluichí idirchontae sa bhliain nua nuair a chuirfear tús leis an tSraith Náisiúnta arís. Déanfar neart plé ar na scéalta móra spóirt anseo sa bhaile agus níos faide ó bhaile ar Spórt an tSathairn, Spórt an Domhnaigh agus Spórt an Tráthnóna gach deireadh seachtaine.

Leanfar le ceiliúradh an leathchéid do RTÉ Raidió na Gaeltachta as seo go Nollaig, agus reáchtálfar coirmeacha ceoil don phobal thuaidh, theas agus thiar sna míonna seo romhainn, le scoth na gceoltóirí ó gach réigiún.Beidh an comórtas Réalta ag teacht ar ais freisin, agus súil go spreagfaidh sé scríbhneoirí na Gaeilge i mbun pinn.Fógrófar a thuilleadh faoin dá thogra seo amach san fhómhair.