Chuaigh foireann Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh fada le Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath le bualadh le pobal na Gaeilge ann.

I láthair ag an ócáid, bhí mic léinn na hOllscoile atá ag cur futhu i dTeach na Gaeilge a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar an gcampas chomh maith le ceoltóirí agus foireann acadúil na hOllscoile a bhfuil baint acu leis an teanga bealach amháin nó bealach eile.

Pobal breá bríomhar is ea pobal na Gaeilge ar champas mór mílteach UCD.

Éist le Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 3 agus 5 Déardaoin agus Dé hAoine