Tá sé fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta gur ar John Beag Ó Flatharta a bhronnfar Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta i mbliana.

Bronntar an gradam seo mar chomhartha ómóis agus aitheantais do dhaoine nó do ghrúpaí as a saothar ar son na teanga agus ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

As Leitir Mealláin do John Beag Ó Flatharta, amhránaí, ceoltóir, file agus bádóir.Thosaigh sé ag casadh ceoil sna seachtóidí nuair a bhí sé ag cur faoi i Sasana.Bhunaigh sé an grúpa Na hAncairí le Pádraig Ó Lochlainn sna hochtóidí, agus bhí Johnny Óg Connolly agus John Chóil Breathnach ina mbaill den ghrúpa sin freisin ag staideanna éagsúla.

D'fhorbair sé stíl nua amhránaíochta a raibh meascán den sean-nós agus den cheol tíre ann, agus bhí agus tá an-tóir go deo ag an bpobal air. Chas John amhráin a bhí scríofa ag cuid de chumadóirí móra Chonamara, ina measc Tom a’ tSeoighe, Tomás Rua Mac Con Iomaire, Eddie Bheairtle Ó Conghaile agus Ciarán Ó Fátharta. Agus le roinnt blianta anuas tá sé i mbun cumadóireachta é féin chomh maith.In agallamh ar Iris Aniar Dé hAoine, dúirt John gur siar i 1980 a casadh an chéad amhrán leis ar an Raidió, Amhrán na Seoighe, agus gurb é Johnny Shéamuis Ó Conghaile a chuaigh siar go Foirnis chuige chun an t-amhrán a thaifeadadh. Dúirt sé go dtugann tacaíocht an Raidió, agus tóir na n-éisteoirí ar a chuid amhrán, an-uchtach agus spreagadh dó.

"Sin é a chuireann iallach ormsa agus mo leithéide amhráin nua a chuartú agus a chumadh agus a chóiriú chúns a theastóidh siad, agus chúns atá mé in ann agus sláintiúil len é a dhéanamh agus an glór fágtha agam.Siad na héisteoirí a chuirfidh iallach ort é sin a dhéanamh.Beidh fonn ort é a dhéanamh mar tá’s agat go bhfuil an t-éileamh ann."

Dúirt an Ceannaire Gearóid Mac Donncha

"Níl aon cheist faoi ach go bhfuil John Beag Ó Flatharta ar dhuine de na ceoltóirí agus na hamhránaithe Gaeltachta is tábhachtaí a chuaigh ar stáitse agus a chas i nGaeilge riamh. Laoch pobail é John, fear atá bródúil as an teanga, as a phobal, as a chultúragus an áit as ar fáisceadh é.Chuir sé amhráin ó chumadóirí ar nós Tom a’tSeoige, Ciarán Ó Fatharta agus daoine eile nach iad i lár an aonaigh, amhráin a léirigh saol agus scéalta mhuintir Chonamara, amhráin a thuill meas agus ómós dó i measc an mhuintir sin.Is máistir ar cheird na hamhránaíochta é, agus tá sé léirithe aige le roinnt blianta anuas go bhfuil bua na cumadóireachta aige freisin, agus cén t-iontas.Tá ríméad orm go bhfuil Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta 2022 le bronnadh ar John Beag. Tréaslaím do ghradam leat a John, agus gura fada buan tú."