Mionsraith is ea An Ríordánach nua a dhíríonn ar ghnéithe ar leith de shaol is de shaothar Sheáin Uí Ríordáin. Sa chlár seo déanfar plé ar na dánta atá in Eireaball Spideoige.

I measc na gceisteanna a ardaíonn an láithreoir agus file, Marcus Mac Conghail, tá 'ceist an dúchais' mar a thugann sé féin uirthi. Tá míreanna cartlainne sa chlár ina gcloiseann muid glór an Ríordánaigh ag caint faoi na hiarrachtaí a rinne sé filíocht a scríobh i mBéarla. Dúirt sé nár thug sé 'sásamh' dó a bheith i mbun pinn i mBéarla.

Éist le Cartlann Bhóthar na Léinsi ag filleadh ar chlár a rinne Máire Ní Chéilleachair faoin bhfile Corcaíoch anseo.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Mhínigh an tOllamh Louis de Paor go bhfuil Seán Ó Ríordáin go leor cáineadh mar gheall ar an gcaighdeán Gaeilge a bhí á scríobh aige, roinnt a dúirt nach raibh máistreacht aige ar an teanga agus nach raibh an fhilíocht ag teacht le dul na teanga.

Éist le Louis de Paor ag caint faoi bhailiúchán litreacha a scríobh Seán Ó Ríordáin chuig a ghrá geal Isobel O' Shea thar tréimhse deich mbliana.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Is féidir leat éisteacht siar leis an tsraith ar an Ríordánach anseo