Dé hAoine 21 Aibreán ag 7.30 pm craolfaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta coirm cheoil mhór cheiliúrtha beo ó Óstán Chois Fharraige sna Forbacha i gCo. na Gaillimhe mar chuid d'imeachtaí leathchéad bliain an stáisiúin.

Is í Neansaí Ní Choisdealbha, Eagraí Ceoil na seirbhíse, a chuirfidh RnaG50 i láthair, agus beidh plúr na gceoltóirí as Conamara, Maigh Eo agus Ráth Cairn ar an ardán don seó, a bheas le feiceáil beo ar leathanach Facebook an stáisiúin.

Ar chuid acu siúd a bheas páirteach, beidh an banna céilí Cogar as Maigh Cuilinn, Cór Chois Fharraige, na deirfiúracha Máire agus Étáin Ní Churraoin as Ráth Cairn, Muintir Uí Cheannabháin, Bríd Ní Mhaoilchiaráin a thug léi Corn Uí Riada 2022, Muintir Uí Iarnáin, Caomhán Ó Flatharta, Pádraig Jack, Domhnall Ó Braonáin a thug leis Corn na bhFear 2022, Seán Ó hÉanaigh, Liz agus Yvonne Kane, At the Racket, John Beag Ó Flatharta, ceoltóirí Acla – Diarmuid Gielty, John Twin agus Ciarán Ó Máille, Johnny Óg Connolly, Seáinín Phat Mhyla, James Carty agus Johnny Óg Connolly, agus go leor eile. Beidh ómós don sár-ghrúpa Na Cloigne Folmha mar chuid den ócáid freisin, le Máirtín Beag Ó Gríofa, Patrick Connolly, Frankie Mac Aodha agus Brian Terry Mac Donncha.

Neansaí Ní Choistealbha

Dúirt Caitlín Ní Chualáin, Eagarthóir Stiúrtha Clár i Raidió na Gaeltachta:

"Tá ríméad orainn an ócáid cheiliúrtha seo a reáchtáil Dé hAoine. Tabharfaidh sé deis dúinn ómós a léiriú dóibh siúd a tháinig romhainn a bhí mar chuid de stair an Raidió san iarthar le leathchéad bliain, agus ceiliúradh a dhéanamh ar an gcultúr as ar fáisceadh muid.Beidh idir óg agus aosta ar an ardán, agus tá súil againn go mbeidh an-oíche ann dóibh siúd a bheidh i láthair, agus don phobal éisteachta sa bhaile agus ag breathnú orainn ar líne, pé cúinne den domhan a bhfuil siad ann."

Beidh ticéid do RnaG50 le baint ar chláracha RTÉ RnaG an tseachtain seo. Craolfar an cheolchoirm Dé hAoine 21 Aibreán ó 7.30 pm go 10 pm.