Tá buaiteoirí Ghradaim Alumni 2023 fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe agus bronnfar na gradaim orthu ag mórfhéasta Dé hAoine, an 16 Meitheamh 2023.

I measc na ndaoine a bhronnfar gradam na bliana seo orthu, tá an t-iriseoir agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Máirín Ní Ghadhra.

Tá Máirín Ní Ghadhra ag obair do RTÉ ó na 1980idí. Bhí sí ina láithreoir leanúnachais ar dtús agus ansin bhog sí chuig an Seomra Nuachta. Cuireann Máirín An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra agus Adhmhaidin i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, mar aon le 7Lá ar TG4. Tá sí ar dhuine de phríomhláithreoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta a chuireann na craoltaí toghcháin agus cáinaisnéise i láthair.

Rinne Máirín tuairisciú don Raidió ar go leor de na mórscéalta nuachta le cúig bliana fichead anuas, ina measc an tréimhse inar cuireadh an dlaíóg mhullaigh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, Binse Fiosraithe Saville maidir le heachtraí Dhomhnach na Fola, reifreann neamhspleáchais na hAlban agus toghcháin uachtaránachta san Afraic Theas agus sna Stáit Aontaithe.

D'oibrigh sí freisin ar shraith d’agallaimh fhada, Glórtha an Údaráis, le comóradh a dhéanamh ar bhunú Údarás na Gaeltachta in 1980, agus ar Mná na Meán, sraith d’agallaimh fhada le roinnt de na craoltóirí mná is cáiliúla i saol na craoltóireachta Gaeilge.

Dúirt Máirín mar gheall ar an ngradam speisialta seo:

"Ní cuimhin liom lá ó bhí mé an-óg nach raibh cion agam ar Ollscoil na Gaillimhe agus mé ag tnúth leis an lá go bhféadfainn tabhairt faoi bheith i mo scoláire inti.

Onóir mhór i gcónaí aitheantas a fháil ó chomhghleacaithe agus is mór agam aitheantas a fháil on áit gur chaith mé cuid de na blianta is taithneamhaí de mo shaol.

Tá mo shaol ollscoile agus craoltóireachta fite fúite ina chéile, ar bhealach ó 1989. Is le linn dom bheith ag freastal ar an Ollscoil a fuair mé mo chéad deis craoltóireachta ag obair go páirt-aimseartha ar leanúnachas sa Raidió.

Bhíodh mé ag obair ar maidin i gCasla agus ag freastal ar an Ollscoil trathnóna. Go leor de na nithe a gcuirim suim iontu sa lá atá inniu ann ó thaobh mo chuid oibre d'eascair siad ó na blianta a chaith mé ar an ollscoill"

Tugann Gradaim Alumni aitheantas d'fheabhas agus d'éachtaí an 128,000 alumni de chuid na hOllscoile atá scaipthe ar fud an domhain. Is ceannairí iad na buaiteoirí seo a bhfuil lorg fágtha acu ar a réimsí féin ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Máirín Ní Ghadhra


Is iad seo a leanas buaiteoirí na n-ocht nGradam Alumni a bheidh le bronnadh ag Mórfhéasta Ghradaim Alumni 2023:

Gradam Alumni don Ghnó agus an Tráchtáil – urraithe ag Banc na hÉireann

Jim Clarken, Príomhfheidhmeannach Oxfam Ireland, Coimisinéir na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, Cathaoirleach Ghníomhaireacht an AE um Chearta Bunúsacha

Gradam Alumni do na Dána, an Litríocht agus an Léann Ceilteach

Ray Burke, Iriseoir agus IarPhríomh-Eagarthóir Nuachta in RTÉ

Gradam Alumni don Innealtóireacht, an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht

An tOllamh Oliver O'Reilly, Leas-Phropast an Oideachais Fochéime, Ollscoil California, Berkeley

Gradam Alumni don Dlí, an Beartas Poiblí agus an tSochaí – Urraithe ag RDJ

An Maorghinearál Maureen O'Brien, Leas-Chomhairleoir Míleata Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe

Gradam Alumni don Leigheas, an tAltranas agus na hEolaíochtaí Sláinte – urraithe ag Medtronic

An Dr Dapo Odumeru MBE, Bainisteoir Dearbhaithe Feabhais Réigiúnach, Rannóg Fola agus Trasphlanduithe an NHS

Gradam Alumni don Ghaeilge – Urraithe ag Ollscoil na Gaillimhe

Máirín Ní Ghadhra, Craoltóir, RTÉ

Gradam Alumni don Rannpháirtíocht sa Spórt

Tony Regan, Iar Cheannasaí Spóirt in Ollscoil na Gaillimhe

Gradam Alumni do Cheannairí Nua – Urraithe ag Deloitte

Geraldine Lavelle, Údar, Scríbhneoir

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, nuair a fógraíodh buaiteoirí na nGradam: "Is é an misean atá ag an ollscoil seo an domhan a fheabhsú tríd an teagasc, an taighde, agus trí dhul i bhfeidhm ar dhaoine. Tugann clár na nGradam Alumni aitheantas d’alumni a dhéanann difríocht dhearfach ar fud an domhain agus atá ina gceannairí ina réimsí roghnaithe. Táim thar a bheith sásta i mbliana gur féidir linn aitheantas a thabhairt do ghrúpa alumni a bhfuil an-éagsúlacht ag baint leo agus a bhfuil lorg a láimhe fágtha ar an domhan agus chun leasa an domhain, sa bhaile agus i gcéin. Tréaslaím le gach duine ar a bhfuil gradam le bronnadh agus táim ag súil le fáilte ar ais a chur rompu chuig a n-alma mater don Mhórfhéasta i mí an Mheithimh.